Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

An Nua-Ghaeilge

An Nua-Ghaeilge

Tá an clár BA sa Nua-Ghaeilge dírithe ar mhic léinn ar spéis leo teanga, litríocht, oidhreacht agus stair na Nua-Ghaeilge ó thús ré na Nua-Ghaeilge anuas go dtí an lá inniu. Ar chríochnú an chúrsa dóibh, beidh eolas domhain ag mic léinn ar na réimsí sin go léir agus scileanna maithe cumarsáide agus anailíse forbartha acu, rud a ullmhóidh do ghairmeacha beatha go leor iad, ina measc: an t-oideachas, na meáin, an t-aistriúchán, an tseirbhís phoiblí, taighde, eagarthóireacht agus foilsitheoireacht.

Is í an aidhm atá againn ná an Ghaeilge agus an litríocht agus an cultúr a ghabhann léi a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an méid sin i sochaí na hÉireann.

Is cás linn go mbeadh mic léinn ag foghlaim as a stuaim féin agus ag foghlaim óna chéile agus chuige sin, cuirimid timpeallacht acadúil ar fáil dóibh atá oiriúnach le haghaidh múineadh agus le haghaidh foghlaim na teanga. Tá mar thaca leis sin an t-ionad foghlama teanga ilmheáin atá againn, mar aon leis An Seomra Caidrimh agus na cuairteanna a thugaimid ar an nGaeltacht. Spreagaimid na mic léinn leis an nGaeilge a labhairt ina measc féin. Déantar an múineadh agus an chumarsáid ar fad trí mheán na Gaeilge, na ranganna beaga teagaisc agus na léachtaí móra araon.

Is trí scrúduithe cainte, scrúduithe scríofa agus scrúduithe cluastuisceana a dhéantar measúnú ar mhic léinn, mar aon le piarmheasúnú, obair thionscadail, aistí agus cur i láthair mar chuid den churaclam.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa le fáil ANSEO.