Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

An tIonad Ilmheán & An Seomra Caidrimh

Ionad Ilmheán na Gaeilge 

An Ghaeilge Bheo

Fáilte isteach chuig Gaeltacht seo na hollscoile ar imeall chathair Bhaile Átha Cliath. Tiocfaidh tú ar chomhluadar agus blas na Gaeilge sa Teanglann, sna hÁiseanna imheán agus sa Seomra Caidrimh.

 

An Teanglann:

Beidh tú in ann bheith i bpáirt i ranganna spleodracha idirghníomhacha mac léinn i measc ngrúpaí beaga le hatmaisféar cairdiúil cabhrach a thacaíonn le mic léinn;

  • Snas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha, idir líofacht agus fhoghraíocht
  • Scileanna éisteachta, tuisceana agus cumarsáide a fhorbairt 
  • Eolas a chur ar chanúintí na Gaeilge, nathanna cainte agus cuideoidh seo le mic léinn a gcuid féin a dhéanamh den stór focal
  • Aithne a chur ar a gcomhscoláirí, cairde nua a dhéanamh agus pobal labhartha Gaeilge a chruthú
  • Tréimhsí iontachta a chaitheamh sa Ghaeltacht ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta den chéad scoth faoi Cháisc
  • Sult a bhaint as foghlaim na teanga chomh maith leis na ranganna féin.

Na Cúrsaí Gaeltachta:

Is cuid taitneamhach, éigeantach don ábhar Nua-Ghaeilge na cúrsaí Gaeltachta.

Beidh rogha agat freastal ar chúrsa seachtaine i nGaoth Dobhair, i dTír Chonaill nó i gCarna, i gConamara nó ar an bhFeothanch, i gCorca Dhuibhne. 

Mar sin, beidh tú in ann freastal ar chúrsa sa cheantar a bhfuil an chanúint is mó spéis leat á labhairt. 

Cabhróidh na cúrsaí Gaeltachta leat:

  • Cur le do chuid eolais ar do chanúint, agus go háirithe ar fhoghraíocht agus nathanna cainte 
  • Taithí a fháil ar Ghaeilge na Gaeltachta, agus do chuid féin a dhéanamh den teanga bheo
  • Blaiseadh a fháil de shaol agus de chultúr saibhir na Gaeltachta
  • Léargas a fháil ar an nGaeilge mar theanga teaghlaigh agus mar theanga phobail
  • Taithí a fháil ar Ghaeilge a labhairt le do chairde agus le muintir na Gaeltachta 
  • Aithne níos fearr a chur ar do chuid comhscoláirí, rud a mbainfidh tú sásamh mór as

An Seomra Caidrimh:

Is é seo croílár phobal na Gaeilge in Áras Newman, COBÁC. Áit iontach í le haithne a chur ar dhaoine eile agus le do chuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh compordach le comhscoláirí agus Gaeilgeoirí eile. Fáiltímid roimh chumainn Ghaeilge na hOllscoile, úsáid a bhaint as an seomra chomh maith d’imeachtaí agus ócáidí Gaelacha. 

Cuirtear tae agus caife ar fáil saor in aisce sa Seomra Caidrimh agus cuirtear fáilte romhaibh bualadh isteach am ar bith le  scíth a ligean, cupán a bheith agat agus comhrá a dhéanamh i nGaeilge, freastal ar imeacht nó ócáid nó ceann a eagrú. Is áit speisialta í seo i gcroíthe na mac léinn agus cuirtear i gcónaí míle fáilte roimh chách.

Nasc chuig na cumainn (opens in a new window)anseo

Teagmháil:

Tá Stiúrthóir na Teanglainne, Eimhear Ní Dhuinn freagrach as na ranganna Teanglainne, na cúrsaí Gaeltachta, An Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach, na teagascóirí Teanglainne agus An Seimeastar Gaeltachta. Tá sí ar fáil má tá aon deacrachtaí ag mic léinn sna réimsí seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hEimhear ag eimhear.nidhuinn@ucd.ie i Seomra B213.

Tá ábhar fuaime agus físe a bhaineann leis an teanga leis an litríocht agus leis an gcultúr Gaelach ar fáil san Ionad Ilmheán. Cuirfidh an t-ábhar seo ar do chumas tú féin a thumadh i saol na Gaeilge, foghlaim faoi na canúintí difriúla agus feabhas a chur ar do chuid scileanna éisteachta. Más mian leat éisteacht le hábhar ar leith déan teagmháil leis an Teicneolaí Oideachais - eoin.mcevoy@ucd.ie, Seomra: A215

I seomra B213 Is féidir bualadh isteach chuig Comhalta Teagaisc na Scoile, Stiofán Ó Briain, atá ar fáil do na mic léinn le cabhrú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Is í Bairbre Ni Chonchúir riarthóir na Scoile le Gaeilge agus bíonn sí ar fáil chun tacú le mic léinn agus is í atá freagrach as imeachtaí na Scoile, tá sí ar fáil ag bairbre.nichonchuir@ucd.ie, Seomra A212.

An Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach:

Is cúrsa oíche é seo atá ar fáil do gach uile dhuine. Cúrsa dhá bhliain páirt-aimseartha is ea é, atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne, daoine ar mhaith leo feidhmiú go héifeachtach trí mhéan na Gaeilge,nó díreach feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa in atmaisféar tacúil cairdiúil. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo