Nuacht
- D'éirigh lenár scoláire PhD Joe Simpson ina viva.
- Thug an tOllamh Mari Jones ó Ollscoil Cambridge cuairt ar an Scoil agus labhair sí faoina cuid taighde ar chanúintí na Breatnaise i gcomhthéacs na pleanála teanga. (Iúil)
- Cuireadh clabhsúr le Hybrid-e, tionscadal Erasmus ar ghlac Eoin Mc Evoy ón Scoil páirt ann. (Iúil)
- Sheol an Scoil agus an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata aistriúchán Gaeilge Eoin Mc Evoy ar Heartstopper 2 i Músaem Litríochta na hÉireann. (Meitheamh)
- Reáchtáil an tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil agus a foireann Comhdháil ar an Óige agus an Míchumas ar son an tionscadail taighde YEELP. (Meitheamh)
- D'eagraigh an Dr Aoife Whelan agus an Dr Connor McCabe Scoil Samhraidh an Léinn Éireannaigh. (Meitheamh)
- Reáchtáil foireann na Scoile scoil samhraidh le haghaidh daltaí scoile sa chúigiú bliain. (Meitheamh)
- Reáchtáil an Dr Connor McCabe Lá Taighde na Scoile. (Bealtaine)
- D'eagraigh Eoin Mc Evoy ceiliúradh ar 10 mbliana den oíche dhátheangach filíochta REIC le Ciara Ní É agus sheol an tOllamh Comhlach Caoimhín Mac Giolla Léith an cnuasach filíochta Old Friends le hAifric Mac Aodha. (Aibreán)
- Reáchtáil an Dr Connor McCabe Taighde Reatha le haghaidh na scoláirí iarchéime chun an deis a thabhairt dóibh a gcuid taighde a chur i láthair don Scoil. (Aibreán)
- Reáchtáil an Dr Jamie Murphy Fóram ar na Meáin Ghaeilge in éineacht le Lynette Fay agus Áine Ní Bhreisleáin mar chuid den Athbhreithniú Cuimsitheach ar na Meáin Ghaeilge a bhaineann le Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí. (Márta)
- D'eagraigh Eimhear Ní Dhuinn Cúrsa Gaelachta 2025 le haghaidh scoláirí an dara agus an tríú bliain. (Márta)
- Reáchtáil ár scoláire Cormac Ó Dubhláine Aonach na Gaeilge chun na scoláirí a chur ar an eolas faoi dheiseanna gairme agus staidéir le Gaeilge. (Feabhra)
- Ghlac an tOllamh Regina Uí Chollatáin, an Dr Cathal Billings, an Dr Aoife Whelan, an Dr Jamie Murphy (Bainisteoir Tionscadail), Bairbre Ní Chonchúir agus Eoin Mc Evoy ón Scoil agus baill eile ón gColáiste páirt san Athbhreithniú Cuimsitheach ar na Meáin Ghaeilge faoi scáth Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí.