Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Cumainn agus Spásanna Sóisialta

Cumainn na Mac Léinn

Neartaíonn cumainn na scoláirí an saol sóisialta agus an pobal ar an gcampas agus tugann siad an deis do na scoláirí aithne a chur ar mhic léinn eile lasmuigh dá gcuid ábhar féin. Is iad seo a leanas na cumainn is mó a bhfuil baint acu leis an Scoil:

Is féidir cliceáil le teacht ar (opens in a new window)iosta iomlán na gcumann in UCD.


Spásanna Sóisialta

An Seomra Caidrimh

Tá seomra ar leith ag an Scoil do na scoláirí darb ainm an Seomra Caidrimh. Tá fáilte roimh na scoláirí ar fad san Ollscoil teacht ar cuairt chuig an seomra seo le cupán tae nó caife a ól agus lena gcuid Gaeilge a chleachtadh le scoláirí eile - fiú mura mbíonn acu ach cúpla focal. 

Is féidir le scoláirí imeachtaí a reachtáil sa Seomra Caidrimh ach cead a lorg roimh ré ó Stiúrthóir na Teanglainne, Eimhear Ní Dhuinn ag (opens in a new window)eimhear.nidhuinn@ucd.ie 

Tá an Seomra Caidrimh lonnaithe in B214 in Áras Newman.

An Seomra Caidrimh (B214)


Gaeltacht UCD

Cuireann Gaeltacht UCD an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn ar an gcampas agus freastalaíonn sé ar scoláirí agus ar bhaill foirne atá ag iarraidh bheith ag plé leis an teanga.

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí is mó de chuid Bhord na Gaeilge a gcuireann ár gcuid scoláirí spéis iontu:


An Tolglann Domhanda 

Tá tolglann thíos faoin mBialann ar an gcampas in aice leis an Oifig Idirnáisiúnta. Cuirtear fáilte roimh gach scoláire sa Tolglann Domhanda agus cuirtear imeachtaí ar siúl ann ó am go chéile.

Global Lounge UCD