Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Ard-Dioplóma / Dioplóma Iarchéime sa Bhéaloideas

Ard-Dioplóma sa Bhéaloideas

Cúrsa múinte a mhaireann bliain is ea an tArd-Dioplóma i mBéaloideas na hÉireann. Is féidir le mic léinn MLitt agus PhD a dhéanamh sa Bhéaloideas ar leibhéal iarchéime chomh maith.

Is le haghaidh daoine nach bhfuil aon staidéar déanta acu ar an mbéaloideas ná ar an eitneolaíocht chomparáideach cheana atá an tArd-Dioplóma i mBéaloideas na hÉireann ann go príomha. Cuirfear ar a gcumas eolas a chur ar na gnéithe is tábhachtaí de na hábhair sin. Lena chois sin, beidh na scileanna, an t-eolas agus an taithí acu atá riachtanach chun a dtionscadail taighde i réimse an bhéaloidis a leagan amach agus a thabhairt chun críche. Dála an Dioplóma Iarchéime i mBéaloideas na hÉireann, cuid lárnach den chlár is ea foinsí cartlainne a úsáid agus eolas a chur ar phróisis a bhaineann le cúrsaí cartlainne, agus cuirtear béim ar thábhacht an méid sin do staidéar an bhéaloidis. Moltar do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ndéanann siad staidéar orthu agus tarraingt as a dtaithí saoil féin ina gcuid taighde. Déantar an múineadh i léachtaí, i ranganna beaga teagaisc, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Tagann aoi-léachtóirí ar cuairt chuig an ollscoil mar chuid de shraith seimineár agus tugann sé seo spléachadh do mhic léinn ar an taighde atá ar bun ag saineolaithe i réimsí áirithe. Déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe ar scrúduithe scríofa, tionscadail aonair taighde, aistí téarma (a bhfaightear aiseolas ina leith) agus cur i láthair ó bhéal. Tá tascanna i gceist chomh maith, mar aon le tráchtais shubstaintiúla a thugann deis do mhic léinn a gcuid ceisteanna taighde a leagan amach, úsáid a bhaint as bunfhoinsí, agus ábhar taighde nua a chur ar fáil.

 

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa


Dioplóma Iarchéime sa Bhéaloideas

Tá cláir iarchéime i mBéaloideas na hÉireann dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil cúlra acadúil acu sa bhéaloideas nó in ábhar gaolmhar. Cuid lárnach den chlár is ea foinsí cartlainne a úsáid agus eolas

a chur ar phróisis a bhaineann le cúrsaí cartlainne, agus cuirtear béim ar thábhacht an méid sin do staidéar an bhéaloidis. Moltar do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ndéanann siad staidéar orthu agus tarraingt as a dtaithí saoil féin ina gcuid taighde. Cuid lárnach d'éiteas oideachais na gclár is ea an fhiosracht maidir le nádúr, seasmhacht agus dinimic an traidisiúin sa saol ó lá go lá.

I gcás an Dioplóma Iarchéime i mBéaloideas na hÉireann, déantar an múineadh i léachtaí, i ranganna teagaisc le grúpaí beaga, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Tagann aoi-léachtóirí ar cuairt ag an ollscoil mar chuid de shraith seimineár agus tugann sé seo spléachadh do mhic léinn ar an taighde atá ar bun ag saineolaithe i réimsí áirithe. Moltar do mhic léinn úsáid a bhaint as acmhainní cartlainne digití ina gcuid taighde agus foghlama. I gcás an chláir mhúinte, déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe ar scrúduithe scríofa, tionscadail aonair taighde, aistí téarma (a bhfaightear aiseolas ina leith) agus cur i láthair ó bhéal. Tá tascanna i gceist leis an méid sin chomh maith, mar aon le tráchtais shubstaintiúla a thugann deis do mhic léinn a gcuid ceisteanna taighde a leagan amach, úsáid a bhaint as bunfhoinsí, agus ábhar taighde nua a chur ar fáil.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa