Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

MA / Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge

MA / Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge

Tá an clár MA dírithe ar chéimithe Nua-Ghaeilge agus céimithe disciplíní gaolmhara. Is í an aidhm atá againn ná an Ghaeilge agus an litríocht agus an cultúr a ghabhann léi a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an méid sin ó thaobh na hÉireann agus na hEorpa de. Forbróidh mic léinn ardscileanna teanga sa Ghaeilge agus cuirfidh siad lena n-eolas ar litríocht, ar chultúr agus ar stair na Gaeilge.

Is í an aidhm atá againn ná mic léinn a ullmhú chun staidéar a dhéanamh ar réimse leathan gairmeacha, ina measc oideachas in Éirinn agus thar lear, an tseirbhís phoiblí, eagarthóireacht agus foilsitheoireacht, agus tuilleadh taighde acadúil. Cabhraímid le mic léinn le linn an chúrsa ar fad chun scileanna cumarsáide, anailíse agus taighde a fhorbairt.

Is cás linn go mbeadh mic léinn ag foghlaim as a stuaim féin agus ag foghlaim óna chéile agus chuige sin, cuirimid timpeallacht acadúil ar fáil dóibh atá oiriúnach i gcomhair múineadh agus le haghaidh foghlaim na teanga. Tá mar thaca leis an méid sin an t-ionad foghlama teanga ilmheáin atá againn, mar aon leis An Seomra Caidrimh. Molaimid do na mic léinn an Ghaeilge a labhairt ina measc féin. Déantar an múineadh agus an chumarsáid ar fad trí mheán na Gaeilge agus i ngrúpaí beaga. Ar na modhanna múinteoireachta, foghlama agus measúnaithe a mbaintear úsáid astu sa chlár seo, tá scrúduithe béil agus scrúduithe scríofa, obair thionscadail, aistí agus cur i láthair ó bhéal, mar aon le miontráchtas a fhreagraíonn do réimsí spéise an mhic léinn.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar na cláir le fáil ANSEO.