Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

MA sa Léann Éireannach

MA sa Léann Éireannach

Is clár idirdhisciplíneach é an MA sa Léann Éireannach atá dírithe ar chéimithe a rinne staidéar ar an stair, an tsochaí, teangacha, an litríocht agus ar chleachtais chultúrtha. Tá an clár dírithe ar mhic léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil suim acu i bhfréamhacha na litríochta agus sa litríocht

chomhaimseartha, sna meáin, i scannáin, sa traidisiún coiteann, in oidhreacht agus i sochaí na hÉireann i gcomhthéacs domhanda. Is é is aidhm leis an gclár seo ná cur le tuiscint an duine ar an litríocht, an fhéiniúlacht agus na struchtúir sa tsochaí a chuireann béim ar thábhacht agus ar ról mhuintir na hÉireann agus shochaí na hÉireann i gcomhthéacs náisiúnta agus domhanda.

 Cuid lárnach den chúrsa is ea anailís a dhéanamh ar na próisis chasta a mhúnlaigh Éire agus féiniúlacht na hÉireann. Cuid lárnach d'éiteas oideachais na gclár is ea an fhiosracht maidir le nádúr, seasmhacht agus dinimic na staire, an chultúir agus na hoidhreachta sa saol ó lá go lá. Cuid lárnach den chlár foinsí cartlainne a úsáid, eolas a chur ar phróisis chartlainne, agus obair allamuigh a dhéanamh. Déantar an múineadh i léachtaí, i ranganna teagaisc le grúpaí beaga, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Tagann aoi-léachtóirí ar cuairt chuig an ollscoil mar chuid de shraith seimineár agus tugann sé seo spléachadh do mhic léinn ar an taighde atá ar bun ag saineolaithe i réimsí áirithe. Moltar do mhic léinn úsáid a bhaint as acmhainní cartlainne digití ina gcuid taighde agus foghlama.

Déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe ar scrúduithe scríofa, tionscadail aonair taighde, aistí agus scrúduithe téarma, agus cur i láthair ó bhéal. Tá tascanna i gceist leis an méid sin chomh maith, mar aon le tráchtais shubstaintiúla a thugann deis do mhic léinn a gcuid ceisteanna taighde a leagan amach, úsáid a bhaint as bunfhoinsí, agus ábhar taighde nua a chur ar fáil.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa

  

Tá Scoláireachtaí Idirnáisiúnta ar fáil don MA sa Léann Éireannach: Tuilleadh eolais anseo