Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

MA i mBéaloideas na hÉireann agus san Eitneolaíocht

Tá réimse leathan modúl ar fáil ar an MA i mBéaloideas na hÉireann agus san Eitneolaíocht a bhaineann le teoiricí taighde, an staidéar ar an traidisiún béil, an ceol traidisiúnta agus an amhránaíocht, modhanna cartlannaíochta agus modhanna don obair allamuigh, an traidisiún sóisialta, córais creidimh na ndaoine, an cultúr ábhartha agus eitneolaíocht na hÉireann agus na hEorpa. Cuirtear modúil ar fáil in ábhair ghaolmhara freisin, sa Nua-Ghaeilge, sa tSeandálaíocht, sa Bheartas Cultúrtha, sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus san Eitnicheoleolaíocht.

Tá san áireamh ar chlár an MA: 

  • Oiliúint i modhanna taighde agus i modhanna oibre sa chartlann agus san obair allamuigh
  • Rochtain ar shainleabharlann agus ar chartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann
  • An deis dul i mbun taighde ar ábhar a gcuireann an mac léinn spéis ann agus tráchtas MA a ullmhú agus a scríobh ar a rogha ábhair faoi stiúr baill de chuid fhoireann teagaisc Bhéaloideas na hÉireann

  • An deis tabhairt faoi thaithí oibre le Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Taisce Cheol Dúchais Éireann nó Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol Tuaithe (faoi réir áiteanna a bheith ar fáil) 

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa