Explore UCD

UCD Home >

Sture Ureland Collection

Sture Ureland

Ráiteas Aitheantais / Identity Statement
Cód tagartha / Reference code IE/ UCD/SC/SU

Teideal / Title
Cnuasach Sture Ureland / Sture Ureland Collection

Dátaí / Dates
1986 - 2007

Leibhéal Tuairisce / Level of Description 
Sraith / Series 

Méid / Extent
10 bhFillteán / 10 Folders 

 

Comhthéacs / Context 

Cruthaitheoir / Creator 
Sture Ureland

Stair bheathaisnéise agus stair riaracháin

Is ollamh emeritus é Sture Ureland sa roinn teangeolaíochta in Ollscoil Mannheim sa Ghearmáin. Sochtheangeolaí é, a rinne speisialtóireacht in úsáid na dteangacha caighdeánacha i gceantair mhionlaigh.
Ba é aidhm an tionscadail ná fiosrúchán a dhéanamh ar cé chomh maith is atá clár dátheangach i gceantar mionlaigh le cumas dátheangach a chaomhnú agus a chur chun cinn maidir le scríbhneoireacht sa teanga mhionlaigh agus sa teanga thromlaigh.
Ba chuid de thionscadal ní ba leithne é: Eurolinguistic research on minority languages in Europe, a bhí ar siúl sna réigiúin seo a leanas: Gaeltacht Chonamara (Éire), Alsace (An Fhrainc), Grissons (An Elvéis), Südtirol (An Iodáil) agus Cathair Vilnias (An Liotuáin).

Biographical History and Administrative History

Sture Ureland is an emeritus professor in the linguistics department of University of Mannheim, Germany. A sociolinguist, he specialised in the penetration of Standard Languages in minority areas.

The aim of the project was to inspect how well a bilingual programme in a minority area preserves and promotes bilingual ability, with reference to writing both in the minority and majority language. It was part of a wider project: Eurolinguistic research on minority languages in Europe, that took place in the following regions: Gaeltacht Connemara (Ireland), Alsace (France), The Grissons (Switzerland), South Tyrol (Italy) and the City of Vilnius (Lithuania).

Foinse Sealbhaithe

Bronnadh an cnuasach seo ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus ó Aibréan 2019, tá sé faoi chúram Chartlann na gCanúintí atá mar chuid de Shainchnuasaigh Leabharlann UCD.

Source of Acquisition
This collection was donated to the UCD School of Irish, Celtic Studies and Folklore to be added to the Irish Dialect Archive which is held in UCD Library Special Collections in April 2019.

Scóip agus Ábhair

Tá aistí a scríobh daltaí ó 10 scoil i nGaeltacht Chonamara sa chnuasach seo. Scoil Mhícheál Naofa & Coláiste Chroí Mhuire (An Spidéal), Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir (An Gort Mór), Scoil Náisiúnta Mhuire (Rosmuc), Scoil Mhic Dara & Scoil Chuimsitheach Chiaráin (An Cheathrú Rua), Scoil Sailearna (Indreabhán), Scoil Mhuire (Tuairín) Scoil Cholmchille (Ros an Mhíl) agus St James’ National School (Páirc na dTor), scoil lán-Bhéarla lasmuigh den Ghaeltacht a bhí á húsáid mar chóimheastóir. Iarradh ar na daltaí breathnú ar bhalbhscannán. Díreach ina dhiaidh, iarradh orthuscéal an scannáin a insint arís as Gaeilge agus as Béarla i bhfoirm aiste.

Bhí an tOllamh Sture Ureland ag súil go mbeadh marcanna ní b’fhearr faighte ag scríobh na Gaeilge ag na daltaí a dúirt gur labhair siad Gaeilge ‘go minic’ sa bhaile agus go mbeadh marcanna ní ba mheasa ag na mic léinn a dúirt gur labhair siad Gaeilge ‘go hannamh’ nó nár labhair Gaeilge sa bhaile ar chor ar bith.

Scope and Content

This collection contains essays written by pupils from 10 schools in the Connemara Gaeltacht. Scoil Mhícheál Naofa & Coláiste Chroí Mhuire (Spiddle), Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir (Gortmore), Scoil Náisiúnta Mhuire (Rosmuck), Scoil Mhic Dara & Scoil Chuimsitheach Chiaráin (Carrowroe), Scoil Sailearna (Inveran), Scoil Mhuire (Tuareen), Scoil Cholmchille (Rossaveal) and St James’ National School (Bushy Park), a monolingual English speaking school outside of the Gaeltacht that was used as a control group. The project involved the students being shown a silent movie and being asked to retell the contents of the film in both Irish and English immediately after viewing.

Professor Sture Ureland was working on the assumption that the pupils who claimed to speak Irish “often” at home would perform better or receive better marks in written Irish and the pupils who claim to speak Irish “seldom” or “never” would receive worse results.

Rochtain agus Úsáid / Access and Use

Rochtain

Tá na hábhair sa bhailiúchán seo ar fáil do mhic léinn taighde, foireann teagaisc agus scoláirí, ach coinne a dhéanamh. Ba chóir do mhic léinn taighde litir mholta óna stiúrthóir bheith acu.

Atáirgeadh

Ní cheadaítear fótachóipeáil ná grianghrafadóireacht dhigiteach den ábhar seo.

Access and Use

Reproduction
Photocopying or digital photographing of this material is not permitted.

Teanga / Language
Gaeilge agus Béarla
English and Irish

Áis aimsithe / Finding Aid
(opens in a new window)Liosta tuairisciúil
(opens in a new window)Descriptive list.

UCD Special Collections

James Joyce Library, University College Dublin, Belfield, Dublin 4, Ireland.
T: +353 1 716 7149 | E: special.collections@ucd.ie